Irish Gaelic

An t-Ulchabhán agus an Puisín

I

Chuaigh an t-Ulchabhán agus an Puisín chun farraige
I mbád pisghlas álainn,
Thóg siad roinnt meala, agus go leor leor airgid,
Clúdaithe i nóta cúig phunt.
D'fhéach an t-Ulchabhán ar na réaltaí thuas,
agus chan sé le giotár beag,
“A Phuisín álainn, a Phuisín, a stór,
Nach álainn an Puisín 'tá ionat,
'tá ionat
'tá ionat!
Nach álainn an Puisín 'tá ionat!”

II

Adeir Puisín leis an Ulchabhán “A éanlaith galánta thú!
Cé chomh cuannach is binn d'amhrán!
Ó pósaimis go luath, bhíomar ag feitheamh ar feadh i bhfad:
Ach cá bhfaighimid fáinne?”
Sheol siad leo ar feadh bliana is lae,
go dtí tír ina bhfásann an crann Bong
Agus ansin sa choill bhí Muicín ann,
Agus fáinne trí cheann a shróine
A shroíne,
A shróine,
Agus fáinne trí cheann a shróine.

III

“A mhuicín, a chara, an bhfuil tú sásta
d'fháinne a dhíol ar scilling?” “Tá” arsa an Muicín,
Mar sin thóg siad é leo, agus phósadh ar an lá ina dhiaidh
Leis an dTurcaí atá ina chónaí ar an gcnoc.
Chaith siad féasta le feoil agus slisní cainche
A d'ith siad le spúnóg spólta;
Agus lámh ar lámh, ar imeall na trá,
Dhamhsaigh siad faoi sholas na gealaí,
Na gealaí
Na gealaí,
Dhamhsaigh siad faoi sholas na gealaí.

Translated by Del Murphy